Northern Prepositions: Art of the Troubles


An Gailearaí, Falcarragh


Saturday 15th July – 31st August 2006

Tues – Fri 10am – 5pm, Sat 2pm – 5pm



© Victor Sloan


Réamhfhocail Aduaidh

Ealáin ó Thrioblóidí an Tuaiscirt

I ndeireadh na seachtóidí agus sna hochtóidí, bhí dhá choincheap, docht agus gaolmhar, ina mbunchúis leis na gnóthaí ealáine éagsúla. Is iad sin áit agus féiniúlacht. An áit ina bhfuil muid, an dearcadh atá againn, na rudaí a chruthaíonn agus a mhúnlaíonn ár ndifríochtaí - is iad seo na ceisteanna a d'fhiafraigh agus a d'fhiosraigh ealaíontóirí Thuaisceart Éireann. Bhí ré úr d'fhéinfhiosrú dian faoi lán seoil, le cois mothú muiníneach áite a bhí ag teacht chun cinn. Rinneadh éascú agus spreagadh ar a leithéid i gcásanna áirithe mar gheall ar aird agus fiosrúcháin na meán ar feadh corradh agus fiche bliain, agus siocair an easpa de dhul chun cinn polaitiúil a chonacthas do dhaoine. Ar an tséala sin, is féidir a rá gur ghníomhaigh na trioblóidí polaitiúla i ndáiríre mar chatalaíoch gasta goimhiúil san athrach ó na híomhaí liriceacha, ach éifeachtacha, de shaol na tuaithe a bhí a léiriú ag ealaíontóirí na glúine roimhe sin ina gcuid saothar go dtí an ealaín dhioscúrsach fhiosrach intleachtach atá le tabhairt faoi deara i saothar na n-ealaíontóirí atá faoi chaibidil anseo.

I saothar Dermot Seymour, tá a chuid críocha droimníneacha - atá scéiniúil, tuarúil agus as áit - ar maos i miotais, agus úsáidtear focail le taiscéaladh a dhéanamh ar chruacheisteanna, ar chastachtaí agus ar neas-suíomhanna aisteacha. Ní shamhlófá go bhfuil rud ar bith mar atá sé i ndáiríre. Más amhlaidh go bhfuil fadhb an Tuaiscirt ag baint le talamh, is ionann í is a bheith ag baint le mothúcháin neamhshláine. Cuireann Seymour brandaí agus comharthaí ar a bhailiúchán áiféiseach de chaoirigh, eallach agus púcaí sa dóigh nach dtagann siad ach ar strae isteach ina chuid pictiúr anois is arís, díreach mar a mharcálann agus mar a dhéanann páirtínigh críochachas ar thírdhreach Uladh. Is maith le Seymour suaitheantais mhíleata, bratacha agus graifítí mar fhoirmeacha eile den mharcáil agus den chríochachas, ach is iad teidil a chuid pictiúr a aibhsíonn na tomhaiseanna. Tagann na teidil sin go nádúrtha ón bhaile fearainn. Ní go díreach acomhal atá i gceist le crosbhealach ach áit ar scaoileadh duine áigin, ag a ndearnadh luíochán roimh phatról, ag a ndéantar ceiliúradh gach uile bhliain ar eachtra a tharla 300 bliain ó shin nó áit ag a ndéantar monatóireacht nó faire ar thrácht. Sin an nádúr atá ag baint le ceist na talún. Tá baile fearainn Seymour i mbearna bhaoil i gcónaí.

Is ionann tírdhreach do Micky Donnelly agus domhan éagruthach atá ar snámh agus inar féidir siombailí agus samhailchomharthaí chultúrtha éagsúla, a bhfuil baint acu le poblachtánachas / náisiúnachas nó aontachas, a leagan anuas air. Baineann sé úsáid as suaitheantais macasamhail Lile na Cásca, hata James Connolly, babhlaer éigeantach an Fhir Bhuí, agus an lile oráisteach. Déantar iad seo a shéideadh suas go comhréireach, tógtar amach as comhthéacs fíor ar bith iad agus cuirtear i láthair an lucht féachana iad díreach mar na rudaí atá iontu. Má tá na trioblóidí polaitiúla i dTuaisceart Éireann fá dtaobh de rud ar bith, tá siad fá dtaobh den dianseasmhacht in easaontas féiniúlachta ina mbaintear úsáid as suaitheantais mar chineál de phointí buachana cultúrtha.

Is iad Béal Feirste agus Doire an dá chathair is mó i dTuaisceart Éireann. Ach neamhchosúil le cathracha eile na hÉireann agus na Breataine, tá siad faoi dhaingniú láidir. I gcathair Bhéal Feirste, cur i gcás, déantar focail a phéinteáil ar bhallaí ach ní fada go mbíonn díshealbhú déanta orthu agus freagraí tugtha orthu ar bhallaí eile, i bhfocail eile. Déanann focail an balla a cheastóireacht. Sníonn siad iad féin isteach i struchtúr an bhalla mar a dhéanfadh taibhsí. Déanann Willie Doherty, ó Dhoire, taiscéaladh ar choincheap na nithe seachtracha seo, ag teilgean téacsanna i riochtanna radhairc. Leagtar téacs anuas ar ghrianghrafanna, ceann amháin in ainm is a bheith ag treascairt an chinn eile. Is ionann é agus modh ceastóireachta eile, ach ó dhuine ón taobh istigh atá ag obair amach as agus fríd a eispéireas ar áit.

Dhírigh dornán de chuid ealaíontóirí Thuaisceart Éireann a n-aird ar an chathair, ag déanamh teagmhála lena hanás sóisialta, a himeaglú, a heasaontas, a teannas agus a cuid rithimí feiceálacha - a tarraingteacht agus a déistineacht. I sraith de phortráidí sóisialta a rinne sí go luath sna seachtóidí, dhírigh Catherine McWilliams a haird ar mhná aonaracha leo féin. Insíonn an spás a fhágann sí timpeall na mban tréigthe uaigneacha seo an scéal iomlán. Ní amháin go bhfuil siad ann ach tá siad faoi chuing ann. Is fíorbheagán smachta nó rogha atá acu ar an bhail atá orthu. Tá pictiúirí dá leithéid seo suite go hiomlán laistigh de thaithí agus de thuiscint phearsanta ar an áit.

Maidir le cnuasach saothar ghrianghrafadóireachta Victor Sloan, atá bunaithe ar shéasúr máirseála na nOráisteach, is ionann 'siúl' agus comhartha corparáide do léiriú saoirse, ach fosta léiriú ar idé-eolaíocht. (Ag deireadh thiar thall, tá sprioc na máirseála ionann le ráiteas, le díluchtú na hidé-eolaíochta i gcoincheap 'an chuibhrinn' mar thalamh mothúchánach). Is féidir an teicníocht a úsáideann Sloan, i.e. ag scríobadh agus ag uaspheinteáil claonchlónna agus dearbhchlónna fótaghrafacha, a chur i gcomparáid leis an teannas atá go smior in eagrú céadfaíoch na bparáidí Oráisteacha.

Baineann cuid saothar Rita Duffy le Béal Feirste. Díríonn sise ar dheighilt, ar mheon ionsaitheach, ar chultúir creidimh a théann thar fóir, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le hinscne. Tá na fórsaí in a saothar cruthaithe d'aon ghnó do léamh ciorclach, rud a léiríonn ciorclú na dáighe agus an traidisiúin. Go minic is ar an tsráid a imrítear an gníomh. Ní áiteacha do mhachnamh ar chreideamh atá sna sráideacha i mBéal Feirste atá léirithe ag Duffy. Tá gríosadh nó corraí grúpa ag gabháil ar aghaidh orthu i dtólamh. Faightear striapachas i ngach uile chathair, i ngach uile am, agus tá spéis ag Duffy sna róil a bhíonn ag na mná nó a chuirtear d'iallach orthu. Mar a dhéanann sí ina cuid saothar go léir, pléann sí leo le trua agus le greann.

Fiosraíonn Jack Pakenham téamaí macasamhail ionramháil, imeaglú, soineantacht, idéalachas agus breabaireacht, ach go háirithe coimhthiú. Bíonn a chuid 'aisteoirí' go léir ag aisteoireacht laistigh agus lasmuigh dá dtuiscint féin ar choimhthiú. I ndáiríre, níl siad choíche ar an stáitse céanna ag an am céanna, in eascairdeas mar atá siad ina gcuid monalóg seasta féin. I dtaca leis an 'stáitse' de - coirnéal sráide nó seomra uair amháin - tagann forbairt air go dtí sraith ilghruach de chnámhscéalta comhcheangailte. Tá bábóg an bholgchainteora - alter ego agus íospartach ionaid an ealaíontóra - i gcónaí ansin á cur féin i mbaol maoithneachais agus fiú ró-thaispeánadh. Níl sé/sí ach in inmhe dreach amháin a bheith ar a (h)aghaidh, aghaidh an áilteora, ach tá sé/sí timpeallaithe ag anamacha na ndaoine a díbríodh agus atá caillte folamh gan dreach. Níl bealach éalaithe ar bith á thairiscint agus is fíorbheagán dóchais a ligtear isteach sna scarúintí pictiúrtha.

I measc rudaí eile, tá iniúchadh déanta i saothar Joe McWilliams ar na cumhachtaí caomhantais atá ag cuimhne roghnach. Chuige seo, bhain sé úsáid as samhailchruth ar mhaithe le scrín a chur thart ar íomhaí de cheannairí polaitiúla, ó thraidisiún na ndílseoirí agus na bpoblachtach araon, leithéidí Edward Carson agus Pádraig Mac Piarais. Cuireann seiseann i láthair iad mar íomhaí laistigh de phíosa amháin. Tchíonn muid a n-íomhaí ag meath agus ag feo diaidh ar ndiaidh laistigh den tsraith, díreach cosúil le duine ag dul anonn in aois, de réir mar a shroicheann siad riocht níos 'naofa'. Méadaíonn ar a gcumhacht imeachtaí an lae inniu a dhreasú, mar sin féin, de réir mar a thagann forbairt ar a stádas íocónach. Fosta, tá an mothú ann go bhfuil gá le híolbhriseadh fríd athbhreithniú a dhéanamh ar an stair chun a gcumhacht a dhíbirt. Cuireann McWilliams ar ár súile dúinn gan aon dhearcadh rómánsach a bheith againn den am atá thart nuair a deir sé:

'Déantar laochra polaitiúla ghlúin amháin a chanónú ag na glúnta a thagann ina ndiaidh agus d'fhéadfadh na naoimh seo agus a gcuid rosc a bheith chomh hábhartha do fhadhbanna an lae inniu is atá asarlaíocht na ndraoithe do chleachtas leighis nua-aimseartha..... is cinnte gur filíocht spreagthach atá in 'terrible beauty' Yeats, agus in óráid Emmet ón ghabhann cúirte, ach folaíonn siad foréigean le grástúlacht agus bás le caithréim.' (i)

Dúirt an léirmheastóir, Lucy Lippard, go géarchúiseach agus ag an am céanna, go sólásach:

'Is faoi na dromchlaí éagsula go léir atá gá an ealaíontóra le tuiscint a fháil ar cá háit a bhfuil sé/sí, agus le theacht ar réitigh ar cad é a chiallaíonn na Trioblóidí do mhuintir na hÉireann uilig, ní miste cé chomh tuirseach is atá gach uile dhuine daofa. Agus i ndiaidh an iomláin, ar ndóigh, sin an rud atá i gceist le 'healaín pholaitiúil' - cuibhreann comchoitianta.' (ii)


Dr Liam Kelly

Tugadh an aiste as leabhar an Dr. Liam Kelly, leabhar a d'fhoilsigh Gandon sa bhliain 1996. Ar fud fad leabhair Liam Kelly, agus mar a léiríonn na saothair atá ar taispeántas sa Ghailearaí, tá sé soiléir gur tharla turas cruthaitheach inmheánach ar mhaithe le theacht ar a mhacasamhail de chuibhreann comhchoitianta - machnamh fada.

Contact Name: Maíre Ní Chasaide Una Campbell - Director. Maureen McConnell - Assistant

Address: Falcarragh, County Donegal, Ireland
Email Address: ceardlann@eircom.net
Phone: 00353 (0) 74 9165594
Fax: 00353 (0) 74 9165594
Website Address: http://www.angailearai.com






Victor Sloan's work can be viewed at: www.victorsloan.com
and he can be contacted at: mail@victorsloan.com